Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 148

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 148

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 148
  3. XML “An Bhaintreach agus an Gasúr”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul:
    An bhaintreabhach agus an gasúr
    Cuireadh gasúr dearmadach na bhaile mhóir lá amháin fá choinne croide sgamhain agus cruadhach caorach. Tugadh sgilling do. Baintreabhach a bhí in a mháthair agus bhí sí bocht agus chá rabh aici acht sgilling amháin. A Mháthair, ars an gasúr ní bhéidh mé ábalta cuimhniughadh ar na rudaí seo
    Cad chuige nach mbíonn, arsa an mháthair. Bí dá rádh i dtólamh agus ní dheanfaidh tú dearmad dóbhtha. Dheanfaidh mé sin, a mháthair arsa an gasúr. Dimthigh sé leis agus é ag rádh, croidhe, sgamhain, agus cruadhae, comh tiugh is thiocfadh leis.
    Thainic sé go dtí droichead an áit a rabh fear in a shuidhe, agus nuair a chualaidh an fear an chaint a bhí ar an ghasúr tháinic fearg mhór ar leis. Léim sé suas agus tháinic aniar le rúide. A bhitheamhnaigh óig ar seisean,agus sgairt an gasúr amach croidhe, sgamhain agus cruadhae, comh tiugh is thiocfadh leis. Tháinic sé go dtí droichead an áit a rabh fear in a shuidhe, agus nuair a chualaidh an fear an chaint a bhí ar an ghasúr tháinic fearg mhór ar leis. Léim sé suas agus tháinic aniar le rúide. A
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sighle Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Aois
    62
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall