School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 321

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 321

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 321
  3. XML “An Tarbh Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní rabh dúil ag an t-athair Seán a chuir ar shiubhal. Annsin leog sí uirthí fhéin go rabh sí ag fághail bháis. Dúbhairt sí nach mbíodh biseach ar bít uirthí go gcuirfidh Seán ar shiubhal. Sa deireadh dúbhairt a athair le Seán go mbéadh aige le dul ar shiubhal.
    Thug Sean an sreangan leis agus d'imthigh sé. Thainig sé goidé teach gabha dubh. Chuaidh sé ar fastodh ag an ghabha. Indiaidh seacht mbliadhain chuir an gabha ceist air, "An é an páighe atá a dhíth ort, cláidheamh atá go géar sin go ngearradh sé ribe ar an uisge." Dúbhairt Seán go nglacfadh sé an claidheamh. Thug Seán an claideamh leis agus dimthigh sé.
    Nuair a chuaidh sé giota maith tháinig sé goidé toigh feirmóra. Chuaidh sé ar fastodh leis an fheirmoir. An lá ina dhiaidh sin chuir an fear é a choimhead eallaigh. Thaisbean sé do an talamh a bhí aige. Bhí trí fáthach beó giota ar shiubhal. Chros sé é gan na bá a leigeaint isteach goidé an talamh sin. Annsin chuaidh an feirmoir na bhaile.
    Nuair a dimthigh sé chuir Seán na ba isteach go dtí talamh an fhathaigh. Thainig fáthach amhain anuas, agus tharraing sé ar Sheán. Chaith Seán an sreangan aige agus ceangal sé é. Annsin ghearr sé an ceann de.
    An oidhche sin bhí cuid mhór bainne ag na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Gairbheach
    Gender
    Male
    Address
    Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Seán Mac Gairbheach
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Male