Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)

Suíomh:
Buailte Fraoigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire E. Nic a Teachlain; Áine E. Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Boltifree
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Fear na gCnónn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear na Gcnóann.
    Bhí fearv ann i bhfad ó shoin dar b’ainim fear na gcnóann. Cineul d’leath dhuine a bhí ann. D’imthigh sé bliadhain amhain ag cruinneadh cnó fá choinne Oidhche Shamhna go dtí ins an deireadh go raibh lán mála aige. Ach bhuail an bás é. Nuair a bhí sé ag (seo) síothlach d’orduigh sé mála na gcnóann a chur s’an uaigh leis. Bá é an gnás an t-am sin rud ar bith a d’iarrfadh duine ag fághail bháis do go ndeánfaidh é. Agus cuireadh mála na h-uaighe leis. Bá ghnáthach le h-aos óg na h-aimsire sin fléidh agus spóirt a bheith acú Oidhche Shamhna ag ithe cnóann, ubhallaí, agus ag imirt cleas. Acht an oidhche seo rith na cnóannaí goirid ortha. S’an deireadh dubhairt gasúr acú go rachadh seisean ‘na roilige, go bhfosglóchadh uaigh fhear (fhear na) na gcnóann agus go n-áirdeochadh leis an mála dá rachadh buachaill eile in a chuideachta. ‘San deireadh dubhairt buachaill eile go rachadh seisean leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Cailín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Ghlaiseach Mhór, Co. Dhún na nGall