Scoil: Mín Bán (uimhir rolla 15394)

Suíomh:
Meenbane, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Mac Coluim
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1096, Leathanach 388

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1096, Leathanach 388

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Bán
  2. XML Leathanach 388
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Thainic sé isteach ar guailnibh daoine agus chuaidh sé amach mar snáithín síoda?
    Moin
    2. Seanduine beag donn is a bhóthán ar a dhruim aige?
    Seilmide.
    3. Lán no páirce de bhuaibh bana is bó mór dearg eadtora istuigh?
    Do chuid ficahal agus do theanga.
    4. Bíonn sé sa mhóinfhéar agus ní baintear é,
    Bíonn se sa siopa agus ní díoltar é?
    Solus na greine.
    5 Táim é agus ní fheiceann tusa é, agus is goirid [?] dhuit-sa na dhamh-sa?
    Cul do ceann
    6 Rud beag dearg a bhí ag fás sa chrann, chonnaic beirt é, bhain chúigear é, agus leig aon dhuine ámháin síar é?
    Ubhaill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Suibhan Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann