Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0141
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear ann fadó dár b'ainm Pádhraig a bhí ag dul go dtí Co Mhuigheó ag iarraidh oibre.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    ann. Ní raibh sé in-ann codhladh a dhéanamh agus chuir sé na cosa agus na bróga isteach ins an teine agus nuair a bhí siad beag-nach dóighte thóg sé amach iad agus bhain sé na bróga díobh. Annsin do chuir sé na bróga isteach ina mhála afus d'fhág sé na cosa i lár an úrláir. Annsin sgaol sé ceann de na beithidhighibh agus chuaidh sé amach san halla. Dhúisigh fear an tighr agus dubhairt sé le ceann dá inghneachaibh éirighe agus an bhó do cheanngailt arís. Nuair a chonnaic an cailín na cosa ar an úrlár leig sí sgread agus dubhairt sí le'n hathair éirighe go mear go raibh an fear a bhí ina codhladh sa tuighe ithte ag an mbuin. Bhí aonach i dTuaim an lá ina dhiaidh sin agus dubhairt an t-athair leis na cailíní an bhó a thabhairt go dtí an t-aonach agus í a dhíol dá mba leo mar ní ólfadh siad braoin de bhainne na bó sin arís. D'fhág siad an bhó ar thaobh an bhóthair agus d'imthigh siad abbhaile. Bhí Pádraig taobh istigh de'n claidhe agus nuair a bhí na cailíní imthighthe tháinig sé amach agus thug sé an bhó ar an aonach agus fuair sé scór punt airgid uirthi. Annsin chuaidh se abhaile agus bhí sé an t-sásta leis féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghán Mac Ualtain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Gort Chluain Mór, Co. na Gaillimhe