Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisge thart air uaireannta.
An sean lisín. Tugtar an t-ainm sin air mar tá sé sean agus tá lisín ann.
An garraidhe. Tugtar an garraidhe air mar tá sé in-aice an tighe.
Clochán an tsagairt. Tugtar an tainm sin air mar tá bóithrín ann agus sin é an bealach a bhíodh ag an sagart le dul isteach ar an Móinteach.
Gort an gheata dhuibh. Sé an fáth go bhfuil an t-ainm sin air mar atá an geata sin ag dul isteach san ngort.
Bóithrín na dtinncéirí mar go mbíonn tinncéirí ina gcomhnuidhe ann go minic.
Bothar buidhe. Sin é an bóthar atá ag dul isteach go Creig Buidhe.
Baile Murchadha. Sin é an áit na bhfuil muinntir Murchadha ina gcomhnuidhe.
Choill na bPréachán. Sin é an áit a bhfuil crann agus go mbíonn go leor préachán ann agus nead préachán.
Geata na gceann.
Clocha móra. Is dá chloch mhóra iad atá ag ceann an bhaile i Móinteach.
Clochán. Áit a bhfuil go leor fraoch agus clocha.
Sraith buidhe. Áit a bhfuil go leor seanfhéar in-aice leis an móin.(leanann ar an chéad leathanach eile)