Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0189
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Mo Cheantar Féin
“Maoilsheachlann Ó Nuadhain an t-ainm atá orm. Tá mé i mo chónaí i dTurloch Bréige.”
Maoilsheachlann Ó Nuadhain an t-ainm atá orm. Tá mé i mo chomhnuidhe i dTulach Bréige. Níl acht aon choill amháin ins an gceanntar seo. Níl aon loch ins an gceanntar seo. Níl acht aon abhainn amháin ins an gceanntar seo agus sé an t-ainm atá uirthi ná an Clár. Tá naoi gcinn de thighthibh ins an gceanntar seo. Tá ceithre cinn aca agus is tighthe ceann tuighe iad agus is tighthe ceann slinne na cúig cinn eil. Níl sé i bhfad ó cuireadh na tighthe ceann slinne suas. Is tighthe dá stóir ceithre cinn de na tithibh ceann slinne, acht níl acht aon stór amháin sa cheann eile. Is feilméaraí na daoine atá ina gcomhnuidhe ann acht aon duine amháin agus is gréasuidhe é sin. Tá go leor sean-amhrán agus sean-sgéalta aca freisin. Ní raibh mo athair ina chomhnuidhe ins an gceanntar seo i gcomhbuidhe.Tá sé ina comhnuidhe ann le dhá scór bliadhan. Bhí an teach tógtha ann roimhe.- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.