Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0208
  3. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fataibh san Earrach mar leasughadh muna mbíonn a sáith aoiligh aca. Ceannuigheann siad an fheamann i n-Orán Mór nó i nGaillimh.
    Is le céachtaibh a bhaineas na daoine na fataí thart annseo. Oscailigheann duine na drilleanna le céacht agus annsin tagann daoine ar an nglúnaibh dá gcrúbáil, sé sin - ag piocadh na bhfataí as an gcréafóig le na lámhaibh agus dá gcaitheamh ar leath-taoibh. Tagann daoine eile agus cárr aca agus piocann siad na fataí maithe agus cuireann siad isteach i bpoll iad. Cuirtear tuighe nó raithneach ar na fataibh ins an bpoll agus cuirtear créafóg os a chionn leis an mbáisteach agus an sioc a choingbheáil ó na fataibh. Baineann cuid de na daoine scraitheacha ar an móin agus cuireann siad ar an bpoll fataí iad. Tugtar na fataí beaga do na mucaibh agus do na cearcaibh. In aimsir baint na bhfataí tagann na spailpíní - daoine as Conamara - thart annseo agus bíonn beirt nó triúr aca ag obair do ghach fheilméar ar feadh seachmhaine nó coicthighise. Bíonn siad ag dul thart ó dhuine go duine go mbíonn na fataí ar fad bainte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Maoilsheachlainn Ó Nuadhain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe