Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0234
  3. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le haghaidh muc. Tá sí go maith le haghaidh daoine dá mbeadh slaghdan ortha. Deirtear go bhfuil leigheas i mbláthaigh a fiuchadh trí h-uaire le h-aghaidh cácaí is mó a dhéantar bláthach.
    Tá cúpla cineál cuinneóg ann anois. Sé an sean-chineál atá againn-ne agus ins gach teach ar an mbaile. Tá chuinneóg dhá throigh ar aoirde. Tá loithne innte le bheith dá cur síos agus aníos agus tá an séalán an claibín agus an clúdach innte.
    Tá go leor sgéalta agus pisreóga leis an gcuinneóig agus leis an maistire.
    Deireann siad dá dtagadh duine isteach agus maistire ar siubhal agus dhul amach arís gan aon bhuille a bhualadh ar an maistire go ngoidfeadh na sidheóga an t-im an oidhche sin.
    Deireann siad dá dtagadh duine isteach agus maistire ar siubhal agus dhul amach arís gan aon bhuille a bhualadh ar an maistire go ngoidfeadh na sidheóga an t-im an oidhche sin.
    Deireann siad dhá mbeadh bean ruadh ag déanamh masitire agus duine do theacht isteach go deargadh píopa agus dá ndéanadh sé aon cheo de'n maistire go dtiubhradh sé an t-im i n-a phóca leis. Bhí fear ae an mbaile seo fadó agus ní leigfeadh sé d'aon duine píopa a dheargadh an fhad agus bheadh an maistire ar siubhal. Deirtear go mbíodh bean i bparráiste Anach Cuain fadó agus chuile uair dá mbuaileadh sí buille ar an mbainne acht é bheith san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe