School: Doire Mór Iata (roll number 16599)
- Location:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Hannraoi Ó Coinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Mór Iata
- XML Page 142
- XML “Scéal Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirth driothar san saoghal seo fadó agus ní raibh san teacht act iadh fhéin beirt. Bhí fear acu an bheannuigthe gidh go raibh sé an bhocht ní raibh aige act aon bhó amháin le h-agaidh é choinneal beo acht do bhí sé ag caiteamh an bhealaigh agus an amna agus de réir mar abhí an aimsir dhá chaitheamh bhí feabhas ag teact ar a saidhbhreas seo.
Bhí an driothar eile in a chomhnuidhe san teach céadhna agus bhí sé lán de shaidhbhreas agus bhí sé an mhalluighthe ní abruigheadh sé paidir ó thráthnóna De Luain go dtí tráthnóna De Sathairn agus ig easgaine agus ag tiamainth ar gach rudh a thiocadh in a bhealach. Bhí go leor beithigidheach aige agus nior theastaigh uaidh an bhó a bhí ag an driocthar eile dul in a bhealach corr ar bith mar ní raibh aon torr aige air.
Thárla lá amháin go raibh siad ag seoladh na mbeithigidheach agus do thosaigh an bheirt ag troidh le cheile. Ba é cionntsiocar an driothar malluighthe é ar fadh mar cheáp sé go raibh an driothar ró dhona le féicheal é fhéin agus an bhó suarach mar tá sé raidthe gur bé sin an t-ainm a thug sé uirthi. Bhí an chainnt ar siubhal ariamh go bhfaca siadh fear ag deanadh ortha thug sé a chul den fhear saidhbhir agus a aghaidh ar an bhfear bocht agus de réir mar a bhí sé ag chuir sios ar an meas a bhi aga(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Mhaille
- Gender
- Female
- Address
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Máirtin Seóige Pheadar
- Gender
- Male
- Address
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe