School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 002
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eicínt faoin Chill isteach ann. Seo é an sgéal:
Bhí bean in a cómhnuidhe i gCill A` Clogáin uair. Baintreach dob eadh í agus bhí páirce amháin aice, ach bhí páirce an-óg ins an am atá i gceist. Dó féin an sgéil chuaidh an bhean seo ar Aifrinn ins an gCill lá áirithe agus d`Fhág sí an páirce ins an cgliabhán leis féin. An Sagart a bhí ag léigheadhan Aifreann bhí sé an-mhall ar fad. Mar sin bhí bhean (Máire Bríghde a beadh a hainm) an-fada as baile. An fhad is bhí sí amuigh ar Aifrinn céard a dhéanfadh na sídheóga ach an páiste do fhuaduigh agus páirce sídheógach d`fhágaint in a áit. Nuair a tháinig an bhean abhaile níor aithnigh sí an páirce sídheógach thar a páirce féin. Ach seo é an chaoí go bhfuair sí amach narbh é .
Bhíodh na Táilúir ag dul timcheall an tam úd ag féachaint a raibh obair ar bith i mbealach fuadhghála le déanamh ag duine ar bith. Theastuigh sé go mór ón mhnaoí seo, mar bhí go leor pluideóg agus léiní le déanamh de`n páiste. Thosuigh an Táiliúr air ag obair agus é suas ar an mbord. Chuaidh an bhean i gcoinne uisge go "Tobair Mhaimín" a bhí leath mhíle ó`n teach. Fhaid is bhí sí amuigh thosuigh an Táilliúr ag cainnt leis an lad a bhí sa gcliabhán agus dubhairt sé:
" Eirigh suas a dhiabhail agus eas port dom". Ní(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Maidín
- Gender
- Male
- Address
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tadhg Ó Maidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe