Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 010
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na creigreacha is an talamh dona. Annsin le barr a chuir ar an an-rógh d'ardaigh sé an chíos. B'éigin do go leor acu imtheacht as an talamh ar fad. Bhí coill an-mhóir i gCill a' Chlogáin agus bhí claidhe thart timpeall air. Bhíodh an tíghearna ag foighléaracht ins an gcoill sin. Bhí na daoine chomh bocht sin is nach raibh siad indon beithidhigh a coinneál, agus mar sin bhí gabhair acu le bainne a fhághail. Am amháin leagadh bearna ins an chlaidhe a bhí timcheall ar an gcoill. Chuaidh na gabhair isteach sa choill annsin. Tháinig an tíghearna talmhan ag fóighléaracht agus chonnaic sé na gabhair. Chaith sé leo gur mharbhuigh sé iad. Bhí na daoine bochta agus an sagart ag easganuigh faoi.
Díreach san am seo thosuigh cogadh sa bhFrainc agus chuaidh a mhac ann agus marbhuigheadh é; i gceann tamaill cáilleadh é féin. Dhíol a bhean an talamh annsin agus chuaidh sí go Sasana. Ba é sin an tíghearna talmhan deire a bhí sa cheanntar seo.Aodh Ó Maidín
Cill a' Chlogáin.
'Sé m'athair, Tadhg Ó Maidín a d'innis an méid seo dham.- Bailitheoir
- Aodh Ó Maidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann