Scoil: An Léim (uimhir rolla 11472)
- Suíomh:
- An Léim Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Dubhda
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Léim
- XML Leathanach 091
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Déineann na luibheanna go leor dochair do'n talamh. An droch bhliadhain fásann go leor "Íutnach Dhearg" ins na fataí agus ins an choirce, agus ní fhásann an coirce nó na fataí go maith an bhliadhain sin. Tá leigheas lé h-aghaidh goscadh i gcuid de na luibheanna, dá nbeadh cos lúnta agat agat, tá snáthadh lúnta in áit sa bhfarraige acht is deacair é fhágail. Casfeadh an snáthadh lúnta thárt thimcheall ar an áit a bheadh sé leónta agus tar éis trí lá agus trí oidhche bheadh an áit a bhí lúnta leigheasta. Tá luibheanna ag fás in áiteacha agu dá n-íosfeadh aon bheidhthigh nó caoirigh iad chaillfeadh siad. Tá bláthanna eile ag fás ins na locheanna agus tá siad go máith lé
h-aghaidh daoine. Bruitheann siad na bláthanna i dtosach agus nuair bheadh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Léim Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Léim Thiar, Co. na Gaillimhe