Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag déanadh an maistreadh bhí sin aici lan cuinneóige do chac bó, d'éirigh siad ar a gcuid obair malluighthe ó shoin. Cuirtear leabaidh futha 'chuile lá, leabaidh tuighe nó lobharnach. Muca. Glaodhtar orra mar seo furais, furais, furais. Cró na much an t-ainm atá ar an mbothán. Cuirtear leabaidh tuighe nó lobharnach futha.Capaill. Glaodhtar orra mar seo pre, pre, pre. Cuirtear leabaidh lobharnach nó tuighe agus uaireannta móin bhán bhog futhu.'Sé an chaoi a nglaotheá ar an turcaí, " biadh, biadh, biadh", ar an géabha, "beadaí , beadaí, beadaí" ar na cearca, "fíorac, fíorac, fíorac",'Sé an t-ainm atá ar an gcapall againn ná "Ruaidhrí an Chnuic", ar na ba, an "bhó bhreac", agus an "bó buidhe".
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí hÓgáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coill Uachtair, Co. na Gaillimhe