Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nóimeat é. Tháinig an Tighearna agus chuaidh sé ar thóir Seáin. Sin é an uair a thosnuigh an tiomáint. “Bhfuil an cíos agat, a Sheáin?” Do stad Seán ar feadh tamaill agus dubhairt sé “An dtabharfá mám coirce do’m capall?” Gan amhras a dubhairt sé. D’ith an t-sean-láir a cuid. Seo . Seo ag cuardaig mo Sheán agus chonnaic Seán a gála i gcúl a doirn agus siúd go dtí an tighearna é. “Ara a Sheáin” ar seisean “Cá bhfuairis an capall tabhachtach san?” “Ara is fada í sin agam” arsa Seán. “Cad ar a dhíolfá í” arsa an tighearna. “Ar ór ná ar airgead ní dhíolfainn í sin” arsa Seán. “Tabharfadh míle púnt duit” arsa an tighearna. “Bhíodh sé ‘na mhargadh” arsa Seán. Fuair mo Sheán a dhinnéar agus cuireadh abhaile é ar cóiste ceithre gcapaill. Bhí iongantas ar Máire bocht nuair a chonnaic sí Seán ag teacht ‘na duine uasal. “Seadh, a Mháire, lá bocht ní fheicfidh tú go deo araís. “As do mheabhair a thair a Sheáin,” arsa Máire. “Cuirfeadh i ndúil duit é a Mháire agus sín chúice an sparán.” “Seadh, a sheáin, priosún led’ saoghal is dócha” ar sise. “An sean-láir a dhíolas a Mháire, “Cuirfeadh i ndúil duit é a Mháire agus sín chúice an sparán.” “Seadh, a sheáin, priosún led’ saoghal is dócha” ar sise. “An sean-láir a dhíolas a Mháire, “agus d’eachtruigh sé an sgéal dí. “Ná h-abhair a thuille a Mham” arsa Seán óg. “Cuirfeá an caidhbáis ar sin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Cróinín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leaca Bhán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Aindrias Úa Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí