Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 055
- XML “An Ainnir Dheas Dhonn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Aindir Dheas DhonnSí an aindir deas donn chuir an tinneas im cheann
Is d’fhág gan meabhair, gan céill mé
Gur gile í ar a com ná a’ sneachta ar a bhonn
Ná an eala ar an abhainn bhig bradinig
N’fheadar cad é an fáth gur tugas-sa grádh
Dod’ fuaimín atá deas néata
Is gur thugas an bárr leat le méinn agus le bréagacht
Ó mnáibh deasa áluinn na h-Éireann.11.
Do dhearc mé aríst gur deas a gnaoí
Is a mala ba caoile bréagtha
Ar an am do bhí do lag do lag mo chroidhe
Le gean dá chuacaibh bána,
A leaca bhí ar dath an aoil is an dearg tré na gaire
Go bonn go dtéidheadh a leabhar folt réidh
Is a com ba caoile an t-árus111.
Sé mo chreach is mo chás gan mise is mo ghrádh
Ar leabaidh go lá in ár ár n-aonar
Is an t-Aifreann dhá rádh go ciúin agus go tláth
Is gan neart ag ár namhaid sin a réidhteach
Á spéir-bhean bhreágh na leabhair cró m-bán
D’fhágais-se m’ínntínn buartha
Is gur míle fearr lem’ chroidhe thú fhághailt
Ná’n ríoghacht is í fhághailt mar dhualgas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighíd Bean Ui Eoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70