Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 100
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana-Sgéul Bhí baintreach ann fadó, agus ní raibh aici ach aon mhac amháin ná raibh ró-sean-chríona. Seán do b’ainm dó. Tháinig Geimhreadh, agus rug cruadhtan na móna ortha, agus do b’éigean dóibh dul ar an gcnoc ag baint craobh.
Lá dá raibh Seán á bhaint ‘seadh chonnaic sé uaidh an lapracháinín tríd an bhfraoch. “Am baisge go dtabharfhad abhaile go dtí mo mháthair thú” ar seisean leis féin, “agus beir ana-áisiúil chun an uisge thabhairt chuici thar mo cheann-sa.”
Dhein sé fé na dhéin, agus bheir sé isteach air gan scáth gan eagla chun go dtabharfhadh sé leis é. Tháinig crith is eagla ar an lapracháinín go mór mhór nuair a chonnaic sé an misneach ar fad a bhí ar Seán. “Í mhuise, ná dein,” ar seisean, “agus tabharfadh sparán na pingine dhuit, aagus éadach clár go mbeidh gach aon t-sórt bídh air, gach aon uair a leigfir amach ar an mbórd é, agus tá inghean an rí annsúd thíos i seomra leí féin, agus tá brón nú buairt éigin léi féin uirthi. Ní maith leí bheith i bhfochair na daoine i n-aon chor, agus níorbh fhéidir aon gáire a bhaint aisti le mórán blianta. An chead(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Scothlaoich
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Scothlaoich
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí