Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 075
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seana-Sgéul
    Feirmeóir do bhí ann fadó, ach ní fheadar cathain, pé sgéul é. Tháinig an bás ag triall air lá, agus dubhairt sé ná raibh ach blian eile gearrtha amach do, agus d’imthigh sé an bóthar airís. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Thuit an lug ar an lag ag an bhfeirmeóir, ach do chuir sé roimis biadh do sholáthair do féin i gcómhair na bliana. Do chuaidh sé agus do shocruig cliathán cnuic cun garrdha do chur ann, agus níor chuir sé de chlaidhe timcheall air ach scailpeanna go raibh raithnig ag fás ortha, agus gan puinn acu san ann féin.
    D’fhás an garrdha is d’fás an raithneach, ach bhí ionghnadh ar an comharsanaibh cad fá gur claidhe gan mhaith do dhein an feirmeóir timcheall a garrdha.
    “Cad na thaobh,” arsa duine acu leis, “nár chuiris claidhe níos fóisciunnaighe ar do garrdha ná an raithneach glas san?”
    “A, a mhic ó,” arsan feirmeóir, “déanfaidh an raithneach an gnó go bréagh dóm-sa. Tá an garrdha fosciúnach a dhóthain mar atá sé, agus nuair ná bhfuil ach an blian seo agam le mairúint, nách chuma liom cad a dheanfaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Scothlaoich
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Scothlaoich
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    Leitir Thoir, Co. Chiarraí