Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Ins a t-sean-am bhidhfidhe an uile bhliadhain a marbhadh éanacha thuas ar a Tor Mhór.”
(continued from previous page)a marbhadh éanacha thuas ar a Tor Mhór.
I n-am a droch-shaoghail chuaidh baicle suas lá amháín, agus bhí ’n t-ocras ag ’ul san
am, agus fágadh fear aca thuas leis an ocras agus ní rabh ’n chuid eile ábalta a thabhairt abhaile. Cuireadh é ar laftan
beag go díreach leath-bealaigh eadar mullach a tuir agus an fhairrge, agus tá sé curtha annsin ó’n lá sin go dtí lá indiú,
Jack Ó Baoghaill a’ t-ainm a bhí air as baile Chillte Feannaid.(no title)
“Bhí beirt fhear thoir annseo a'n am amháin, agus d'imthigh siad amach go Sliabh a' Tuaidh a dheánamh poitín.”
.....Ach a chéad braon a
tháinic anuas caitheadh amach é innseoir bhunadh na gcruc, agus h-iarradh ortha sin a ól. Thosuigh an poitín a theacht agus ní thiocfadh soithigh a fhághail dó bhí sé a teacht comh tréan sin. Tá sé ’na ghrás i gcomhnuidhe an chéad bhraon a chathamh innseortha ag eagla go n-oibearfad siad beart
ar bith air.