Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title)
“Bhí fear ar a Charraic a dtugad siad Padaí Ó Cuinnigeáin air agus bhíodh a diabhal a siubhal leis an uile oidhche agus an uile lá feadh fada go leór.”
Bhí fear ar a Charraic(1) a dtugad siad Padaí
Ó Cuinnigeáin air, agus bhíodh a diabhal a siubhal leis an uile oidhche agus an uile lá feadh fada go leór. Bheireadh sé
leis na phórthaigh é agus thógad sé cliabh mónadh air. Agus ní fheiceadh duine
ar bith é ach é fhéin. Bhíodh a bheirt a cainnt ó d’imthighead siad go dtigead siad, agus ba mhaith leis fághail réidhtigh' uadh.
Bhí oidhche mhór thoir i Mín an Aodhaire toigh Mhurchaidh, agus bhí an oidhche ann, agus
(1)An baile is mó i bhPar. Gleanncholumcille.(continues on next page)