Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí buachaill ar aimsir thíos i nDoire, agus ní rabh aige ach cúig phunnta sa bhliadhain. ”
(continued from previous page)19 3305
56
seisean, ag Ó Domhnaill na nGlaiseachaí a bhfuil
siad a choinneáil chuannaí i dtólamh. Deánfaidh
arsa’n gasúr. Agus bhí annseo bliadhain agus
an lá indiú araist, agus béidh mise annseo
fá do choinne. Thabhair leat ceann de na
coileáin," arsa seisean, agus na leig dó
dhuine ar bith amharc air ach tú fhéin,
agus thóg astoigh i room dorcha é, agus
nuair a bhéidheas a bhliadhain suas," arsa
seisean, "gabh thart ar a leithid seo a loch,
agus cá bith seilg a dheánfas sé," arsa
seisean, thabhair a t-seilg fhad liom-sa
annseo.
Rinn a bhuachaill mar d’iarr sé air
agus bliadhain ó’n lá sin. D’éirigh sé amach
(fá ’a leis a chú agus chuaidh sí thart
fá ’n loch, agus chuaidh sé fhéin thart
a taobh eile, agus fuair sé’n cú
mharbh ar chladhach na locha, agus meathanach
de bheathadhach beag an ghránda marbh ag
n-a thaobh. Thug sé leis a bheathadhach
agus d’imthigh sé agus bhain sé Doire
amach, agus nuair a bhí sé i ndóire
béathadhach beag caoch tana, gan mhaith."(continues on next page)