Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí buachaill ar aimsir thíos i nDoire, agus ní rabh aige ach cúig phunnta sa bhliadhain. ”
(continued from previous page)3310
87
ní rabh ’n soitheach ann, ach bhí sí ar amharc
a teacht ann
An dteárn tú mar h-iarradh ort," arsa
sheisean.
Rinn," arsa seisean, "tá ’n beathadhach sin liom
agus má tá fhéin is beag an éadail í.
Chonnaic sé’n t-seilg. "Bhail siubhail leat
anois, adeir sé anonn go Críoch lóchlanna.
agus fágfaidh mise sa bhaile arais thú
slán subhailte. D’imthigh sé leis anonn go
Críoch lochlanna, agus nuair a chuaidh sé
isteach thall chuaidh sé suas a chruc. Bhí
sé ag ’ul suas mallaigh faoi’n teach agus
fuair sé cramh gearráin.
"Seo duit," arsa seisean, "tá m’athair dall.
agus nuair aithneochas sé gur Éireannach atá
ionnat, rachaidh sé a bhreith greim láimhe
ort, agus na thug dó do láimh a chor a’
bith," arsa seisean. "Sighin a chrámh dó, nó
bhricfeadh sé do lámh," arsa seisean. "Sighin
sé an cramh fhad leis agus rinn sé
smulagar de’n chrámh. D’óibir leis annsin,
agus feannadh an beathadhach agus bruightheadh(continues on next page)