Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Nuair a bhí na Fiannaibh i n-Éirinn fad ó shoin, ní rabh móran a cur bhuaidhreadh ortha ach a seilg,... ”
(continued from previous page)Mhac Cumhail é fhéin ar theach a bhí fhios
aige a bhí ins an áit 1). Stop sé roimhe
sin ann - oidhcheannacha 2), - agus tharraing
sé air, agus se’n t-ainm a bhí ar
an fhear leathán. Ní rabh aige ach
ighean agus mac, agus se’n t-ainm
a bhí ar an ighean Fhinne, agus
a Fhorgamhain ar a mac. Agus tháinic
sé isteach ag ’ul ó sholus dó ’un toighe
agus bhí ’n t-athair astoigh agus d’fhiafruigh
sé a bhfuighead sé lóistín annseo go
maidin)
Sula dteachaidh siad isteach ’un toighe
casadh úigh díobhtha agus chuaidh siad isteach
san úigh, agus bhí cráin-mhuice astoigh
san úigh agus ál banafán aicí. Bhuail siad
ar na banafáin gur mharbh siad a t-iomlán
dearg aca, agus mharbh siad a chráin-
ach banafán amháin a d’imthigh ortha amach.
banffán dubh agus bhuail fear aca a
chlaidheamh air agus gheárr sé ’n ruball
daoithe, agus mar sin fhéin d’imthigh sí
isteach i bpoll eile agus ní bhfuair
1) teach a bhí ins a cheanntar a rabh eolas aige air.
2) oidhche, night, oidhcheannacha nightss i n-iar dheisciirt Thír Chonaill(continues on next page)