Volume: CBÉ 0180

Date
1936–1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 176

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 176

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Nuair a bhí na Fiannaibh i n-Éirinn fad ó shoin, ní rabh móran a cur bhuaidhreadh ortha ach a seilg,...

    (continued from previous page)
    3430
    54
    176
    siad í.
    Dubhairt fear a’ toighe leóbhtha go bhfuighead
    siad áit annseo go maidin, ach go rabh
    eagla air nach rabh go leór bidh buirte
    le n-a shuipear a dheánamh, agus arsa
    sheisean, "má tá oiread ann agus dheánfas
    go maidin sibh," arsa seisean, "tá tharbh
    mire thuas ins a chruc os cionn a
    toighe," arsa seisean, agus dá bhfágfaidhe
    marbh é dheánfad sé seachtmhain muid
    uilig. Ach níor marbha é leis an
    fhéid seo d’am, agus níl duine ar
    bith a bhfuil ag ’ul a bhealach uac bhfuil
    sé a mharbhadh, agus tá sé a marbhadh
    móran beathadhaigh fostacht, ach is doiligh
    a marbha, agus tharla cuidiughadh aghaibhse
    ann, agus sibh bhur saighdiuirí maithe.
    féachfaimid le bhur gcoinneáil beo go
    maidin, agus má théidh sibh suas ar
    maidin na chruic fhad leis a tharbh
    teisbeanfaidh mo mhac díbh cá bhfuil sé.
    Thug sé’n méid bidh a bhí sa teach
    díobhtha le h-ithe agus d’ith siad é
    ) bhruithte (beaintear fhéidin a buirte, n-amannaí.
    cosamhail le cileán i n-áit cineal
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    5 May 1936
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant