Volume: CBÉ 0180

Date
1936–1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 229

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhail bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí greásaidhe bróg annsin fad ó shoin, agus ní rabh aige ach mac amháin, agus sé 'n t-ainm a bhí ar a mhac Aladan.

    (continued from previous page)
    229
    3176
    seisean, "goidé dheánfa tú! Seo dhuit
    cupla ginnid óir nó trí," arsa seisean.
    agus gabh ’na bhaile mhóir agus cheannuigh
    dose de "sleipeen-draps" agus cheannuigh
    uisge beatha anocht," arsa sise, "agus
    bhíodh cuid de ins a teach aghat," arsa sise.
    "agus thug cuireadh do mhóran daoiní ’un
    toighe," arsa sise, agus béidh mise amuigh
    i bhfolach os coinne an toighe, agus
    thug cuireadh dó’n uile dhuine," arsa sise
    tabhair cuireadh do’n Deaghnaidh," arsa sise
    ’na chruinnigh, agus má thug sé," arsa
    sise, thug gloine uisge-bheatha do a
    chéad uair," arsa sise, "agus thug gloinne
    annsin de na sleepean-draps dó
    n-a dhiaidh. "Shaoilfidh sé gur uisge-bheatha
    atá ann," arsa sise, "agus má ólann
    sé na seisean-draps," arsa sise,
    tuithfidh sé ’na chodladh," arsa sise,
    agus annsin ina thuiteann sé ’na chodladh
    arsa sise, tar amach fá mo choinne-sa
    béidh mé amuigh annseo i gcúl a chlaidhe,
    go bhfeicfidh tú goidé’n boc a bhéarfas
    Mht uile sin do
    a) Caidé a dheánfas mise leis, (a-de’n chor a chuirfeadh mise de.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    6 May 1936
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0561: Aladdin
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant