Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear fad ó shoin ann i gcoill agus bhí sé a deánamh scuab.”
(continued from previous page)Thug siad a t-éan fhad leis, agus d’iarr sé ar a chailín a’ t-éan a "chookáil" agus an chroidhe agus na cruagaidh a chur ar
dá 'spit' ach aon taobh de’n teinidh. Rinn a cailín sin leis an éan, agus bhí ’n dá ghasúr ’na suidhe ag taobh na teineadha, bheir fear aca ar a chroidhe
agus d’ith sé é, agus bheir a fear eile ar na cruagaidh agus d’ith sé é.
Nuair a chonnaic a’ rí go rabh ’n croidhe agus na cruagaidh ithte dubhairt sé go gcaithfeadh sé an dá ghasúr a fhághail marbh
agus béigean do’n athair an dá ghasúr a dhibhear agus chuaidh an dá ghasúr fá’n choill. Bhí fear amuigh sa choill a scaoileadh
éanacha agus beathadhaigh fiadhain, agus fuair sé ’n dá ghasúr ins a choill agus thug sé leis iad. Bhí ’n dá ghasúr aige fada go leór agus a gcoinneáilt le scoil nó go dtí lá amháin gur thuit siad fhéin agus a chlann fhéin amach le chéile.
Dubhairt a dá bhuachaill go gcaithfead siad
imtheacht nach dtiocfadh leóbhtha cur suas le n-a(continues on next page)