Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 371](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_371.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 371
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
(no title) (continued)
“Bhí cailín fad ó shoin a siubhal amuigh ag bruach locha agus fuair sí páiste gasúir caillte ag an loch,...”
(continued from previous page)a bhí an lá a teacht mheas dubhairt
Cormac 'Ach Airt le n-a mhac go mbfhéarr
dó dhiúltugadh - gan troid. Dubhairt a
mhac le Cormac go dtroidhfeadh sé i
gcás ar bith é. "Bhail mairbhfidh Con
thú", arsa seisean. "Tá sé comh maith
liom," arsa seisean, "a bheith marbh le
bheith beo."
Bhí coitáir ag Cormac 'Ac Airt, agus
bhí triúr nighean aige. "Is feárr duit," arsa seisean, "nighean dá bhfuil ag an
choitéir a phósadh," arsa seisean, "sula
dtroidfidh tú, agus seo gugán óir," arsa
seisean, "agus má 'harrenáileann' an
nduine cloinne a bheith aghat," arsa
seisean, seo ghugan óir, agus má bhíonn
sí 'n-a nighean," arsa seisean, tabhair
daoithe é; agus seo beilt dearg," arsa
seisean, "agus má bhíonn sé ’n-a ghasúr
cuir air é."
Bhail tháinic a troidh annsin 'un
tosuigh agus mar Con 1) mharbh sé mac
Chormaic Mhic Airt. Cuireadh isteach
1) Baintear úsaidh as an téarma seo thart fá ceanntar thailim. -
(Dóigh eile le rádh gur mharbhuigh Con Mac Chormaic Mic Airt)
Chuaidh sé ’na scoile mar Sheán = Chuaidh Seán ’na scoile.(continues on next page)