School: Páirc na Cille (roll number 13700)
- Location:
- Boherhallagh, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Tóláin
![The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 295](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0124%2FCBES_0124_295.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 295
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Cille
- XML Page 295
- XML “Aiste Eile ar Dhoineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'San am fadó do bhíodh a lán stoirmeacha san dtír. Ar an dara lá déag de mhí na shamhna 1839 do thárla Oidhche na Gaoithe móire. Ar an oidhche sin do rugadh buachaill agus tugadh Seán na Gaoithe móire mar ainm air. Ar an oidhche sin rinneadh a lán dochar in áiteacha. Do bhí a lán dochar in áiteanna. Do bhí a lán comharthaí go raibh stoirm ag teacht, mar d'eirig sé an dorcha timcheall ar a trí a chlog. Bhí fhios ag na daoine go raibh stoirm ag teacht. Do bhí féar amuigh an oidhche sin agus rinneadh scrios mór air. Do bhí an stoirm níos measa ar an bhfairrge ná mar a bhí sé ar an dtír.
Sa mbliadhain 1936 do bhí stoirm eile uathbhásach againn. Dubhairt na daoine nach bhfachadar a leithéid le caoga blian . Do bhí sé ag cur fearthainn ar feadh an lae. Timcheall ar Mí Íuil a thárla an stoirm an stoirm. Ar a sé a chlog de Máirt d'éirigh sé an dorcha. Níorbh fada gur thosnuigh(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Aodha
- Gender
- Female
- Informant
- Brighid Nic Aodha
- Gender
- Female
- Address
- Foxford, Co. Mayo