School: Sean-Achaidh (roll number 12887)
- Location:
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Teachers: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Achaidh
- XML Page 231
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Thíos faoi tá liosta nó cnuasach de nah hainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na hailpreacha atá san Fhaill...”
(continued from previous page)DRÉIMIRE:-bealach caol baoghalach seadh an áit seo, agus í ag gabháíl síos go sceabhach ó bhárr na faille go dtí an tráígh.
DÚN a' DUILL:-líob mór talmhan seadh an áit seo, atá sgartha ó'n bhfaill. Innistear sgéal gurab amhlaidh go raibh fathach ins chomhnaidhe san tír mhóir agus go dtáinig rabharta feirge air lá, agus do chrom sí síos agus gur reáb sé an talamh agus do theilg sé amac san fairrge é. In a dhiaidh sin do léim sé amac ar an mullach agus is ann a chomhnaidhe sí gur h-ainmnigheadh "Dún a' Duill" é.
LEACH a' TÓNACHAIN:-leach atá an shleamhain.
UAIGH a' t-OLLASCÁIN:_ (?)Seo pluais atá an-chaol agus leis seo tá sé an doimhin agus ní móíde gur mar sin a fuair sé a h-ainm.
UAIGH na SIDHEOG:-Abrann na sean daoine go mbíodh na sídheóga san bpluais seo.
CARRAIG UÍ DHÁLAIGH:-Chuaidh fear darbh' ainm Dálach dó amac ag iasgaireacht, agus d'imtigh sé go dtí an charraig seo, ach tháinig tonnracha móra gur sguabadh den charraig é agus do bádadh é.
POLL na SCADÁN:-Bliadanta ó shoin nuair a bhíodh muinntir na h-áite seo ag gabháil don iasgaireacht, do bíodh an tóír acu ar na scadáin. Bíodh neart díobh san bpluais agus chuig an phluais seo do théíghidís ag tóruigheacht na scadán go bfuair an poll an t-ainm "Poll na Scadán."(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Maolálaigh
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mayo