Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 216
- XML “Fear agus A Mhac”
- XML “Lios”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear agus a Mhac
Bhí fear ann fadó agus mharb[h]uig sé fear eile agus sé an pionús a chuir an sagart ar ná an chuid eile dá shaoghal a thabhairt ar an b[h]fairrige i mbád beag. Thugadh seabhac(h) biadh chuige gach seachtmhain.
Bhí mac aige agus nuair a bhí sé ag éirighe aosta chuimhnig sé ar a athair agus dubhairt sé go bhfuidheadh sé bád agus dul á d'f[h]eiscint. Bhí sé seachtmhain ar an bhfairrige agus sa deire chonnaic sé é sa mbád beag léim sé isteach chuige agus bhí an bád ró b[h]eag do bheirt agus bhádhadh iad. Fuair mé an sgéal seo ó P[h]ádraig Curraoin. 63 blian.- Bailitheoir
- Seán Ó Lonáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Pádraig Curraoin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Lios
Tá lios i mBaile Uí C[h]urraoin agus fadó bhíod[h] an-chuid sid[h]eóga ann agus bhídís ar an mbóthar gach oidhche. An oidhche seo bhí fear ag gabháil síos an bóthar agus dho theaghmhaigh fear an-bheag leis. Tabhair dom píosa tobac arsa an fear beag leis. Níl sé agam arsa an fear eile leis agus bhí fios ag an sidheóg go raibh sé ina phóca aige. Le na linn thuit an fear fuar marbh ar an dtalamh.
Níorbh fhada go dtáinig beirt bhan agus d'iarr an fe[ar] beag píosa tobac ortha. Thugadar do é agus thug sé slat draoid[h]eachta dóibh. Fuair mé an sgéal seo ó Liam Ó Lonáin. 46 blian.
(Seán Ó Lonáin, Maoil an Chóirne, sa Rinn a sgríobh na sceulta so romhainn. Dearbhráthair do Shiobhán is eadh é.)