School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear darbh ainm dó Seán Mhichíl ag dul go dtí an margadh i nDúngarbhán isteach is amach le seasca bliain ó shoin. Chuir comharsa air an páipéar nuachta "Waterford News" do thabhairt chuige. Bhí Seán toilteanach.
Nuiar a chuimhnigh sé ar an dteachtaireacht theip ar glan cuimhneamh ar ainm an pháipéir. Bhí an fear bocht ina dteannta. Bhuail sé isteach go tigh na bpáipéar agus d'inis a scéal - go raibh páipéar nuachta uaidh do comharsan leis; ná faghadh sé an t-ainm do thabhairt leis as Béarla ach ní raibh fhios aige as Gaeilge é.
Dúirt an té bhí ag caint leis ainm an páipéir a rá as Gaeilge agus b'fhéidir go dtuigfeadh sé an ceann a bhí uaidh. "Sé an páipéar atá uaim " arsa Seán "acht Cuinncín Phortlairge' - Waterford Nose - (Noos).
Curtar an páipéar sin fós fé chló i gCathair Portlairge.- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Informant
- Ruaidhrí Ó Chiardhubháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Boolavonteen, Co. Waterford