School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seaidléir a beadh Seamus Thaidhg agus bhí a chéird go maith aige. Chónaigh sé ar slí na fírinne le dachad bliain.
Ní raibh aon 'tabhairt suas' ar Shéamus ach bhí sé cúibhseach maith as i gcúrsaibh an tsaoil. Bhí sean-aithne agam air agus bhí sé ann féin go mórdhálach.
D'éirigh leis uaireadóir phóca do chaitheamh agus an t-am san is ag fánaire amháin a bhíodh a leithéid.
Fuair na comharsain amach i dtaobh uaireadóra Sheamus ná faghadh Séamus an t-am go léimh. Dá bhrí sin thagadís ina sluaightibh ag lorg an t-am de ló a bhíodh ann.
Thumadh Seamus a lámh síos i bpóca a bheiste agus nuair a chítí arís í bhí i lár a bhaise turnap mór d'uaireadóir. Thugadh sé súil-fhéachaint uirthi agus ansan theaspáin sé aghaidh an uaireadóir don té a bhíodh an t-am uaidh agus ansan deireadh sé - agus na focail céanna i gcónaí - "ar ndóigh le h-aoinne go mbeadh sé comh deidheanach san an t-am seo de ló".- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male