School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear a chum é seo nuair d'éag bhean in aistir cloinne Tomá Ó Duinn ó Mhillerí a thug dom. Rugadh é i bParóiste Tuar an Fhíona 80 bliain ach caoth sé go leor dá shaol i gCnoc Mhillerí. Fuair sé bás dhá bhliain ó shoin. Solas na bhFlaitheas dá anam.A mháire, a mhúirnín, éirigh id shuí chugham
Beir ar do leanbh agus ceangal nó scaoil é
Bunóicín óg, ón lá dtín oíche
Tá bean den mbaile ag tabhairt tamaill dá cón do
Is bainne cíche a mháthar ar an gclár so sínte
Mo chumha nár siúlas chúig Cúige na hÉireann.
Ar lorg bean cabhrach nó dochtúir léigheanta
A scaoilfeadh an t-snaidhm a bhí timpeall na h-ae agat
Fad a chaill tú t-anam le leanbh gan éifeacht.
A bhuachaillí, go mbuaidhfidh Dia an t-ádh libh
Bídhidh uasal agus tugaidh suaimhneas go lá dhí
Ní cúrsaí spóirt í - mo ghleó; ná gáire
Ach briseadh tigheas agus scaoileadh gárlach
Agus creach na leanbh agus an bhanartla ar lár
Den mórdháil mór atá ar fuaid do thighe istig
Tobac do thórramh ina cheó sa tig acu
Coinnle geala ine seasamh go díreach
Brat dorcha le doras do thighe-se
Glas béil ort nach féidir é scaoileadh
Agus dá mfhéidir do raobhfainn ó chroí é(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás Ó Duinn
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Mountmelleray, Co. Waterford