School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gus go dtí seo ar aon chuma ba imeacht gan casadh aige é.
Bhí croí an fhir bocht comh lán de bhuíochas gur thóg sé an íomhaigh ar an spotta sin air ar leighiseadh é féin mar comhartha bhuíochas anama.
Ní bhfuighinn aon tuairim do thabhairt ar bhrí na focail 'Cinín Daibhidh'. Tá Dáibhidh soiléir ach cad is brí le 'Cinín? Bhíos ag fiosrú ina thaobh ach theip orm aon dul chun cinn a dhéanamh.
Tá an tobar seo timpeall dosaon troigh ar a threasna agus chítear an t-uisce ag bruachtadh ina lár.
Bhíos ag caint leis an bhfeirmeoir ar leis an talamh mór-thimpeall an tobair agus dúirt sé liom go glanann sé féin é in aghaidh na bliaina agus bíonn air uaireanta a bhróga bhaint de agus dul isteach sa tobar.
Tar éis tamaillín bhraith sé é féin á sleamhnú síos, síos, síos. Bhuail scannradh é agus baineadh geit a shaol as. Lapadáil sé amach comh mear is d'fhéid sé. Súighteán, nó gaineamh beo atá sa tobar.- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male