Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fintragh, Co. Donegal
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 103
- XML “Poll an Dobharchú”
- XML “Baile na Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tráthnóna amháin bhí dhá chailín as Chrainn.cheo ag gabhail abhaile ó na Cealla. Bhí acú le dul thar an áit in a rabh an dobharchú in a chomhnuidhe. Shiubhail siad leo gan trup a dheánamh go rabh siad giota maith ar shiubhal ó’n poll.
Shíl siad go rabh siad thar an chontabhairt agus thoisigh siad ag cainnt le fhéin. Go díreach nuair a bhí siad ag gábhail amach ag Crugoch choinaic siad an dobharchú ag teacht.
Sgannruigh siad, agus toisigh siad ag sgréachaigh. D’othain athair cailín amháin acú an glór, agus tháinig se, ach ní sé ábalta dadaimh a dheánamh.
D’iarr sé ar cailín amháin acú a brat a chaitheamh ar an chloich. Rinne sí seo, agus chuaidh an bheirt i bhfolach i gcúl na cloiche. Shíl an dabharchú gurab é an cailín a bhí ann. Bhuail sé an cloch leis an adharc a bhí air, agus thuit sé marbh.
Ba sin deireadh an dobharchú sin.- Bailitheoir
- Irene Nic Aonguis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballyara, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aonguis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Ballyara, Co. Donegal
- Tá tobar beannuighte i gCill, agus tá scáthlán an Aifreann ann fosta. Tá roilig ann fosta agus deirtear gur ó sin a baisteadh an t-ainm Cill. Seo sgéal a chualthas ó na daoine timcheall na h-áite.
Lá amháin bhí mangaire iasg as an Inbhear ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra T. Nic Amhlaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Largymore, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Cuinneagain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Kill, Co. Donegal