School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 19
- XML “Fir Mhaithe Siúil”
- XML “Fir Láidre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fir Mhaith Siubhail.
Bhí fear ann aon úair amháin agus bhí sé an laidír agus bhí sé an mhaith ag siubhail. Seumas O’Miadhcháin an t-ainm a bhí air agus bhí sé ina chomhnaidhe in Mhaigh i bPáiriste Árd a’ Ráth.
Mhaidín amháin d’éirigh sé go luath, bhlighe sé na bá, agus shiubhail sé go dtí Tóbhar a’ Dúin. Nuair a chaith sé tamall annsin tháinig sé abhaile agus bhí sé san bhaile in am leis na bá a chur asteach sa’n tráthnóna. Acht cibé áit a rachadh sé bhíodh sé abhaile gach tráthnóna an lá céadhna.
Lá éile bhí aonach ins na Gleanntaí agus d’éirigh an fhear seo go luath ag leath-uair ina dhiaidh a chúig ó chlóg agus chuaidh sé [?] na nGleanntaí. D’fhán sé tuairim agus trí uaire ag aonach na nGleanntaí agus tháinig sé abhaile annsin.
Seo an dóigh a tháinig sé abhaile. Tháinig sé asteach an chnoch agus ní rabh sé acht leath-uair ag teacht na bhaile. Nuair a tháinig sé abhaile bhí sé fá thuairim agus a sé ó chlog sa’n tráthnóna. Annsin thug sé na bá abhaile o’n chnoc agus cuir sé asteach ins an bhoitheach íad. Bhlighe sé íad annsin aríst. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Micheál O' Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal