School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 40
- XML “Scéal Greannmhar”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thug sé a aghaidh ar an bhaile. Ní rabh sé ábalta a theacht abhaile bhí sé comh dorcha sin agus b'éigin dó suidhe síos aríst. Nuair a tháinig bánughadh an lae ann thosuigh sé ar a thurais. Nuair a shroich sé an bhaile bhí an-ocras air. Bhí a bhean amuigh a' chuartughadh. D'iarr sí air caidé a choinnigh sé ar an chnoc le trí lá agus dubhairt sé do'n bhean gach rud a thárlaidh dó agus bhí iontas uirthí. Ní dheachaidh Liam amach ag seilg go cionn tamaill airíst, nó bhí eagla air.Áine Ní Dhomhnaill
Carraig a' tSléibhe
Árd a Rátha.Micheál Ó Domhnaill
Carraig a' tSléibhe
Árd a Rátha. Scéal
“Bhí seanduine agus a bheirt mhac ag siubhal an bhothar lá 'mháin. Bhí asal aca. Dó bhuail triúr fear leo.”
Bhí seanduine agus a bheirt mhac ag siubhal ar bhóthar lá 'mháin. Bhí asail aca. Dó bhuail triúr fear leo. "Nach greannmhar an sgéal é." arsa duine aca, "iad seo a bheith ag coridheacht, agus asal láidir aca." Nuair a chualaidh fir an asail an chainnt seo, dubhairt duine de na fearaibh óga le na athair dhul in airde ar mhuineal an asail, agus i gcionn tamaill eile bhuail beirt nó triúr eile leo. "Nach deas an rud é." arsa duine aca don tseanduine seo(continues on next page)