School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 55

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 55

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 55
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí rí ann ám amháin agus bhí dhá mhac aige. Bhí dhá chailín i na gcomhnaidhe gíota uaidh.

    (continued from previous page)
    isteach ins an teineadh annsin iad.
    Bhí an gasúr éile ag fanacht ar. Shil sé go rachadh sé isteach agus go dtoiseochadh sé ag cuarthughadh. Bhí se ag cuarthughadh cupla lá agus ní rabh sé ábalta é a fhághaill. Nuair a bhí an gasúr mí istoigh ins an t-seomra tháinig beirt daoine isteach agus tug siad an gasúr leobhtha. Thug siad an gasúr go dtí an fhairrge. Bhí badh mor annsin. Cuir cupla daoine an gasúr isteach í mbocsa. Bhí poll ar an bocsa lé éar a leigint isteach.
    Nuair a bhi na daoine agus an bád giota (a) amuigh (ip) ins an fhairrge connaic an bhanrioghhan iad ag teacht. Cuir sí amach a cuid saighdiuirí. Chuaidh siad go dti an áit a rabh an bhád. Chuaidh cupla fear isteach ins an bád agus thoisigh siad ag cuarthughadh. Ins an deireadh fuair siad an gasúr. Thug siad an gasúr leobhtha go dti an teach. Nuair a bhí gasúr cupla uaire istoigh ins an teach dubhairt se go rachadh sé amuigh cupla bomaite.
    Chuaidh sé isteach ins an gháraidh. Ní rabh se ibhfad ins
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Prionsias Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    Ard an Rátha, Co. Donegal
    Informant
    Peadar Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    Ard an Rátha, Co. Donegal