Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 76
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear agus a bhean ina gcomhnaidhe comhgarach do loch am amháin. Bhí cailín amháin aca agus bhí sí dall.”
Bhí fear agus a bhean ina gcomhnaidhe comhgarach do loch am amháin. Bhí cailín amháin aca agus bhí sí dall. Lá amháin d’iarr an cailín ar a athair í a tabhairt go dti bruach na locha. Thug seisean go dtí an loch í agus d’iarr sé uirthí a fhanacht annsin go dtigeadh seisean aráis fá na choinne. Bhí guth an maith ag an cailín agus toisigh sí ag ceol. Ní rabh sí ibhfad ag ceol gur tháinig brádán aníos ar bharr an uisge agus thoisigh sé ag éisteacht leis an cailín. Nuair a stád sí ag ceol dubhairt an brádán “Is mór an truagh” arsa seisean “go bhfuil tú dall, acht má chuimileann tú croiceann bradán ar do súile tcidhfidh tú iríst. Nuair a tháinig an t-áthair fá choinne an cailín d’innis sí do an rud a dubhairt an bradán agus bhí an áthar ar. An tráthnóna sin chuaidh an t-áthair ag iasgaireacht ins an loch. Nuair a bhí sé tamall ag iasgaireacht an bhaoithe trom agus chuaidh sé síos ins an loch. Níorbh gur cuaidh sé (síos) isteach i seomra mhór bhí fear ina shuidhe ag an teinidh agus bhí culaidh dearg éadhaigh ar. Beannuigh sé do in a anam. Dubhairt an fear go rabh sé ag iasgaireacht ins an loch agus gur éirigh an bhaoithe trom agus gur chuaidh sé síos ins an loch. “Bhal a Shéain tá tú i gcuairt rí an locha anois” ársán fear. “Cen doigh a tharlaidh sé go bhfuil túsa do chomhnaidhe annseo ársan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall