School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)garrún, acht le sin bheir an gearrfiadh ar láimh Néill agus b'éigean dó an greim a leigint amach.
Fuair an gearrfhiadh ar shiubhal, acht bhain sé plaic as láimh Néill, agus i gcionn tamaill thosaigh an lámh a teacht fá shileadh
Chuaidh gáir amach gur thuit "Bell Blaine" agus gur gearradh go mór í i n-áit éigin fa'n teach 's aicí féin. Bhí duine de na comhursanaí ag amharc oirthí lá agus chonnaic sí go rabh poll mór ina leis. Ní rabh sí ábalta a cor a chuir fuithí
Acht i dtaoibh Neill bhocht - bhí a láimh i gabhail in dáinsear gach eile lá, agus gan cumadh bisigh ar bith oirthí. B'eigean dó a ghabhail a luighe bhí se comh lag sin. 'Sa deireadh chuaidh a dheirbhsiúir annsoir an tSaghairt agus d'innis Niall an scéal dó ó thús go deireadh Léigh an Saghart ós cionn Néill agus rinne Oifige dó. Thainig biseach air i gcionn tamaill, acht níor éirigh Bell Blaine as an leabaidh go bhfuair sí bás.
Bhí daoine an bhaile de bharamhail gurabh í an gearrfiadh a bhí ag goid an bhainne, nó connaiceas an gearrfiadh ceadna go minic ó am go h-am roimh sin acht chuir Niall deireadh le na cuid siubhail.- Informant
- Máire Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal