School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fathach ins an áit seo fad o shoin agus ba de na Beirnigh é. Thainig fathach eile trasná as Sligeach le troid a chuir air. Chuaidh an bheirt a throid I n-áit a dtugann siad Fár Chuirrín air – ar bruach an Aillt.
Thóg an Beirneach cloch mhór agus chaith sé indhiadh an fathaigh eile é síos an aill. Stad an chloch ag bun an aill, agus tá sé ina shuidhe I mullaigh cloiche eile. Tá an chloch seo céadtai de tonnaí ar meadhcain. Bheirtear “lug chloich Uí Bheirn” ar an áit ar bhain an fathach an chloch as ón lá sin go dtí an lá indiú, agus “Cloic Uí Bheirn” ar an chloich mhóir atá ‘na suidhe I mullaigh na cloiche (carraice) eile ar an chladach. Shaoilfeá le h-amharc ar an chloich go dtuitfeadh sí-an doigh a bhfuil sí na shuidhe mar bheadh “crannda bugadaigh”.
Tá tobar fíor-uisge ins an charraic – faoín chloich mhóir seo agus deirtear nach dtiormuigheann sé Samhradh na Geimhreadh.- Informant
- Pádraic Ó Beirn
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal