School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 45
- XML “Na Trí Gaiscíoch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mach fhéin cúig bliadhan de aois fuair sí féin bás, agus bhí an Rí bocht I bhfad níos measa anois nó bhí sé ariamh.
Bhí an eile sheort I dul in aghaid anns an dóigh go bhfaca sé nach rabh aon nidh ar domhain aige acht an tríomadh bean a phosadh, agus rinne sé seo. Cibe ar bith as mar bhí an darna bean bhí an tríomadh dhá uair déag níos measa. Nuair a chonnaic sí go rabh sí ró shean le muirghin a bheith aicí fhéin rinne sí suas a h-intinn go ndíbhreochadh sí an dá mhac, ma’r bhí níos mo gea[?] ag an Righ ortha san nó bhí aige oirthí se.
Chuir sise fhad le Cailleac na gCearc fosta agus d’innis a sgéal dí. “Imthig abhaile” arsa Cailleach na gCearc “agus marbh cearc, agus congbhuigh cuid de’n fhuil. Gabh a luighe agus leig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a chluinfeas an Rí é tiocfaidh sé ag amharc ort agus nuair a chluinfeas tú ag teacht é ól bolgam dé’n fhuil, agus nuair a thiocfas an Rí isteach ‘na t-seomra annsort, caith amach an bolgam fola ar an urlar. Scánnreochaid an Rí agus dheánfaidh sé rud ar bith a iarrfhas tú”.
Bí go maith agus ní rabh go h-olc. Nuair a chonnaic an Rí an bolgam fola scannruigh sé gan dabht agus d’fiafruigh sé duithe an rabh dadaidh ar an domhain a leigheasadh í. Ma bhí dheánfadh seisean a dhicheall é a fhágháil. “Ó maise” arsa sise “ma tá biseach ar bith I ndán damh, níl dadaidh le mo leigheas acht an dá mhac(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal