School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus is fad’ ó bhí. Bhí Rí ‘san Domhain Thiar agus bhí triúr mac aige, agus chá rabh fhios aige céocu de’n triúr a dtabharfadh sé a choróin dó. Maidin amhain nuair a d’fhosgail sé doras a chaisleáin le h-amharc amach chonnaic sé go rabh an talamh cúmhduighthe le sneachta, agus ar leic an doras bhí cleite éin ‘na luighe - an cleite ba aistidheach a chonnaic sé ariamh. Thóg sé é agus d’amharc air, agus isteach ‘na toighe leis. Sgairt sé ar a thriúir mac agus arsa seisean. “Cibe ar bith duine agaibh a gheobhas an t-éan ar leis an cleite seo bheirfidh mise mo chorín dó.
Sheas an mac ba sine suas agus dubhairt sé go rachadh seisean a chuartughadh an éin ar maidin lathar na bharach agus mar mbéadh sé arias abhaile roimh lá agus bliadhain-a’ dheárbhrathar eile imtheacht ar an turas ceadna. D’imthig sé ar maidin lathar na bharach agus thug lón leis bhí go maith ‘s ní rabh go h-olc.
Shiubhail sé ó mhaidin go dtín’ neóin dhubh trathnóna agus ‘sa deireadh shuidh sé síos ar chnuc bheag le ‘na lón a ithe. Bhí tobar beag ‘san áit ar shuidh sé, agus go díreach nuair a bhí sé ag baint an loin amach as a phoca thainig madadh ruadh suas fhad leis agus shuidh ag ‘na thaoibh agus d’iarr sé air, cuid de chuid loin a thabhairt dó. “Ní thabhairfidh maise arsa seisean nó níl go leor agam damh fhein ní ‘é amhain cuid de a roimh leat-sa”.(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal