School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’fág an madadh ruadh slán aige annsin agus d’imthig mac an Ríogh leis ag tarraingt ar chaisleán ‘athara. Nuair a thainig sé fhad leis an doras bhuail sé air agus thainig an Rí fhad leis. D’iarr sé ar an chruitíneach a bheith ag imtheacht, acht nuair a d’innis sé a ghnaithe, dubhairt an Rí nach rabh obair ar bith aige a d’fóircochadh dó a leithid Dubhairt seisean go dtiocfadh leis ba a bhuachailleacht.
Níl ba ar bith agam arsa’n Rí, acht gheall ar fághail réidhtig leis an duine grannda. Dubhairt sé go rabh bó amhain i bpairc giota maith ó’n caisleán agus go dtiocfadh leis a ghabhail agus í a bhuachailleacht.
Cupla seachtmhain ‘na diaidh seo goide thainig fhad le caisleán an Ríogh acht an mhaighdean ba deise agus bá dóighmheála a chonnaiceas ariamh ag marcuigheacht ar chapall geal bán. Bhí bróg ar iomchur leithi ina láimh, agus dubhairt sí leis an Rí cibe fear a d’fóireochadh an bhróg sin dó gurab é sin a rogha mar céile, agus go bpósadh sí é. Comh luath agus cualaidh mic an Ríogh seo cuir siad an bhróg ar a gcos acht ní rabh gair ann ní rabh se fóirstin dobhta. Chuir gach fear i gcaislean ar Ríogh an bhróg orta, acht ní rabh gair ann. D’fiafruigh sí annsin an rabh fear ar bith eile fa’n cúirt. Dhúbhairt an Rí nach rabh acht dubhairt na searbhfoghantuidhe - goidé fa’n buachaill bó. Ní rabh an Rí sasta é theacht i lathair, acht d’iarr an cailín orta é thabhairt isteach. Tugadh i lathair é agus d’iarr an cailín air an bhróg a chuir ar a chois.(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal