School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 92
- XML “An Mhuc Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an chead duine a chuaidh isteach ‘na toighe. Nuair a shiubhail sé suas an urlar chualaidh sé an éagchaoin seo - Óch! Óch. Goidé’n cineal mairgnigh sin? ar seisean. “Sin cearc atá fághail bháis arsa’n leas-mathar (bean an toighe). Ní thiocfadh leis greim bidh a ithe ‘sa teach ó cualaidh sé an éagcaoin. An dara fear - nuair a thainig seisean isteach chualaidh sé an mhairgneach ceadna Óch! Óch! “Goidé’n mhairgneach sin ar seisean a cluinim. Dubhairt bean an toighe an rud ceadna a dubhairt sí leis an chead bhuachaill. “Sin cearc a fághail bháis”. Shuidh seisean síos agus dheamhan greim bidh a thiocfadh leis leigean síos ‘sa teach seo. Nuair a leag an cailín a cos ar leic an dorais chuala sí an éagchaoin trúacanta “Óch! Óch Ó.
“Goidé sin a chluinim” ar sise. Sin cearc a fághal bháis arsa bean a toigh. Bhal! arsa’n cailín ní thig liomsa dadaidh ithe annseo, agus ní íosaid ar sí go bhfeicfidh mé goidé sin a chuala mé. Muid sinne mar a gceadna arsa na buachaillí agus d’éirigh siad agus thosaigh an chuartughadh. Thóg siad doras an siléir agus fuair siad a mathair féin ‘na luighe annsin. D’aithin sí na páistidhe ‘s aicí fhéin, agus h-innriughadh an scéal ó thus go deireadh dó’n athair. Nuair a chuala sé an fhírinne, thug sé órdú teine mhór a deánamh, agus dóigeadh an leas mhathair sa teine agus d’fan na páistidhe ag a n-athair agus a mathair fein agus fuair an leas-mhathair an rud a thuill sí.- Informant
- Máire (Seán) Ó Beirn
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal