School: An Sealgán (roll number 6781)

Location:
An Sealgán Beag, Co. Donegal
Teacher:
Rois Ní Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sealgán
  2. XML Page 288
  3. XML “Scéal Ard an Fheannaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhí ann ó seo amach siocar an 'feall' agus an úsáid chéanna a bhaint as. Sin an t-ábhar go n-abrann na daoine agus go síleann cuid acu gur dún Lochlannach atá ar a mhullach.
    Leis sin ghlac sé a leaba le luí air go bhfaigheadh se bás le náire, ach d'éirigh Goll agus dúirt nach ligfeadh seisean do Fionn bás a fháil don náire.
    " Thar a bheith gur tusa is ciontaí le seo uilig", a dúirt sé le Conán, caithfidh tú do chuid féin a dhéanamh. Bhí na Fianna uilig ag dul leo ach ní ligfeadh Goll dóibh.
    D'imigh sé féin agus Conán agus charbh fhada go dtáinig siad ar an dáréag Lochlannach san áit ar shuigh siad le scíste a ghlacadh, bhain na cinn díobh agus d'imigh síos go dtí'n Gaoth Bearra, an áit a raibh an cabhlach ceangailte réidh le himeacht, thug leo achan seort a ghoid na Lochlannaigh, chuir tine leis an cabhlach, d'fhan go bhfaca siad dóite é,thiontaigh ar ais, thug leo na creacha agus an dá chloigeann déag agus aníos arís a fhad le Fionn agus na Fianna.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Rois Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean Ua Bhraonáin
    Gender
    Female