Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 288
- XML “Scéal Ard an Fheannaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí ann ó seo amach siocar an 'feall' agus an úsáid chéanna a bhaint as. Sin an t-ábhar go n-abrann na daoine agus go síleann cuid acu gur dún Lochlannach atá ar a mhullach.
Leis sin ghlac sé a leaba le luí air go bhfaigheadh se bás le náire, ach d'éirigh Goll agus dúirt nach ligfeadh seisean do Fionn bás a fháil don náire.
" Thar a bheith gur tusa is ciontaí le seo uilig", a dúirt sé le Conán, caithfidh tú do chuid féin a dhéanamh. Bhí na Fianna uilig ag dul leo ach ní ligfeadh Goll dóibh.
D'imigh sé féin agus Conán agus charbh fhada go dtáinig siad ar an dáréag Lochlannach san áit ar shuigh siad le scíste a ghlacadh, bhain na cinn díobh agus d'imigh síos go dtí'n Gaoth Bearra, an áit a raibh an cabhlach ceangailte réidh le himeacht, thug leo achan seort a ghoid na Lochlannaigh, chuir tine leis an cabhlach, d'fhan go bhfaca siad dóite é,thiontaigh ar ais, thug leo na creacha agus an dá chloigeann déag agus aníos arís a fhad le Fionn agus na Fianna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann