School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mhac Chonchubhair na gCrosann, agus go raibh na cinn le baint díobhtha lá thar na bhárach ag Trí Rí Innse Tuileadh as an Domhan Thoir, agus go raibh naoi gcabhlach is fichid ar ancaire ag fanacht ar lá thar na bhárach go mbainfeadh siad na cinn de na Fiannaibh.
D'fhiafraigh Diarmuid do Fhionn a raibh dóigh ar bith a dtiocfadh iad a réidhtiú.
Dúirt Fionn nach raibh ach le fuil trí Rí na Tuilleadh a cheapadh i gcórn Rí an Domhain.
D'imigh Diarmuid agus chuir air éideadh nach n-aithneochaidhe é, thug leis bascoid spíosraidhthe agus chuaigh fhad leis an chuan isteach 'sa champa a raibh cruinniú mór de na saighdiúirí a' díol na spíosraidhthe leo.Bhí fear amháin ag rann díghe ar fad orra as córn Rí an Domhain a bhí aca an oidhche sin ag ól as le luthchair agus iollghairdeachas go raibh siad ag dul a bhaint na cinn de na Fiannaibh lá thar na Bhárach. Bhi buaidh ar an chórn seo ciab' ar bith cineál dighe ar mhaith le duine a fháil ní raibh aige ach a rádh agus bhí sin sa chórn.
Tugadh an córn do Dhiarmuid mar duine(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Prionnseas Ua Braonáin
- Gender
- Male
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal