School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 305
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Am amháin tháinig an-ghruaim ar Fhionn agus ní labharfadh sé agus ní híosfadh sé a'n ghreim féin agus fá gháire de ní thiocfadh leo aoibh a chur air ní hamháin mion-gháire a dhéanamh. Bhí seo a'cur trioblóide móire ar na Fiannaibh agus lá amháin rinne siad amach go gcuirfeadh siad ceist air ach dubhairt Goll leo nach raibh gnoithe ar bith ceist a chur air. " Tá fhios agamsa caidé tá air. Tá bean a dhíth air." Fuair siad amach gur inghean Chormac Mac Airt an bhean a chuir sé spéis innti, agus d'imigh na Fianna uilig le Fionn go bhfuigheadh siad inghean Chormaic dó. Nuair a shrois siad Teamhar cuireadh fearadh na fáilte rompa agus rinneadh reidh féasta ar leith dóibh.
Nuair a bhí an chuirim ag dul 'un tosaigh tháinig mná an toighe amach as a ngrianán 'saca féin go bhfeicfeadh siad na Fianna. Tháinig inghean Chormaic leo. Anois, go Cnocaibh Chuinn ní raibh a'n bhean comh hálainn le Gráinne - ingean(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Bean Ua Braonáin
- Gender
- Female
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal