School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 306
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chormaic. Dálta achan chailín óg nach raibh amuigh go minic agus nach raibh aithne aici ar na Fiannaibh thoisigh sí ag cur ceist ar a' chuid eile cé iad féin.
"Cé hé an buachaill an-dóigheamhail sin?", arsa sise ag taisbeaint Dhiarmada.
"Sin Diarmuid Ó Duibhne," arsa siadsan.
" Cé hé sin?". " Sin Oisín.", " Sin Oscar" agus ins an deireadh d'fhiafruigh si " Cé hé an seanduine liath sin?"
"Sin Fionn", arsa siadsan agus thoisigh an seitreal agus an siosarnaigh.
Annsin d'fhiafruigh sí "Agus caidé thug Fionn agus na Fianna anseo anocht?
"Ó,", arsa na cailíní," an sin a bhfuil d'fhios agatsa? Nach bhfuil fhios agat gur le tusa a phósadh a tháinig Fionn annseo anocht."
Ní phósfaidh mé go bráth a leithéid", arsa Gráinne agus thoisigh sí ag caoineadh."Dá b'us gur Diarmuid nó Oisín a bheadh le pósadh agam ach an seanduine críonna caithte sin" agus tháinig rabharta feirge uirri. Anois, ba hí ingean an ríogh i gcomhnuidhe a bhéarfadh an deoch dheireanach ag cuirm agus ba an deoch ab fhearr den iomlán í nó chuirti spiosraí ins(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Bean Ua Braonáin
- Gender
- Female
- Address
- An Sealgán Mór, Co. Donegal